euzg2020 eu2020

Talmhaíocht

Clúdaíonn foraoisí ársa beagnach trian den achar na cathrach, foraoisí atá dúchasach (neamhchosúil le foraoisí i go leor áiteanna eile.) Tá bail mhaith orthu ina bhfoirm nádúrtha agus tá siad cosúil le sórt ósaise sa chathair. Sna réimsí talmhaíochta agus forbartha tuaithe, úsáídeann Cathair Shágrab polasaithe talmhaíochta áitiúla maidir le forbairt inbhuanaithe (i bhfad agus i gcéin) a bhreathnaíonn ar Ságrab mar lárionad trádála agus a cúinsí nádúrtha ar fad a shocraíonn ceantair ardtosaíochta do bhrainsí táirgeadh talmhaíochta.
Foraoisí
Tionscadal ‘’gairdíní cathrach’’ - Glacadh go haigeanta le hullmhúchán agus feistiú tailte inoibrithe atá faoi úinéireacht Chathair Shágrab. Ba é an sprioc ná cuid na dtailte inoibrithe atá faoi úinéireacht na cathrach a thabhairt do chónaitheoirí príóbháideacha chun críche táirgeadh bia (glasraí, caora), spíosraí agus bláthanna do riachtanais pearsanta. Is sampla maith é an tionscadal ar d’úsáid inbhuanaithe na dtailte atá faoi úinéireacht na cathrach, tailte gur féidir linn a úsáid chun cáilíocht maireachtála na gcónaitheoirí a fheabhsú ar bhonn sláínte, eacnamaíoch agus éiceolaíoch. Feidhmíonn gairdíní cathrach mar fhoinse bia sláintiúil, faoiseamh beag ó chaiteachas tí, forbairt tuisceana éiceolaíoch, ceangal leis an nádúr, gníomhaíochtaí sláintiúla don am saor, agus cuireann siad stíl maireachtála níos sláintiúla chun cinn chomh maith le comhpháirtíócht na cathrach a láidriú lena cónaitheoirí.

Tá a lán poitéinsil ag an infreastruchtúr tuaithe thart ar an gcuid uirbeach den chathair na cónaitheoirí a dhealú ón torann, ó na sluaite, ón strus agus ó shaol tapa na cathrach trí áit a chur ar fáil dóibh ina mbeadh siad in ann síocháin, duilliúr, agus aer glan úr. Is é an seoid is muirní ná foraoisí Shágrab atá ann ó na céadta bliain agus a bhfuil bail mhaith orthu le struchtúr nádúrtha dúchasach. Tá siad cósuil le sórt ósaise i dtimpeallacht na cathrach.

Ag tabhairt le chéile meascáin maith den uirbeach agus den tuath, tá turasóireacht tuaithe dea-fhorbartha ag Cathair Shágrab freisin, a chuimsíonn páirceanna nádúrtha agus oidhreacht eile faoin tuath, turais lánléargais sa charr, ag baint taitneamh as tírdhreach na tuaithe, ag fanacht i dtithe i sráidbhailte turasóireacha.
Leas ainmhithe
Tá céadta mílte peataí in Ságrab, cúis mhaith go mbíonn Cathair Shágrab ag cloí le polasaithe freagracha íogaire agus ag tabhairt aire d’ainmhithe. Go háirithe bíonn an Chathair ag leagan amach cúinsí agus bealaí le haire a thabhairt d’ainmhithe, ag déanamh rialacha maidir le leas ainmhithe ceansaithe agus ag cinntiú go mbíonn seirbhísí glana ag obair. I gcomhréir leis sin, tugtar aire speisialta d’ainmhite tréigthe, caillte, gortaithe agus ainmhithe a bhfuil drochbhail orthu, agus cuirtear an cúram seo ar fáil sa dídean d’ainmhithe tréigthe i gCathair Shágrab (Dumovec) agus i zú Shágrab.