euzg2020 eu2020

Eacnamaíocht

Cuidíonn an dlús ard de chomhlachtaí agus fiontraithe, an fórsa saothair léannta, réimse mór sheirbhísí tráchtála speisialaithe agus forbairt earnálacha ardteicneolaíochta go mór le forbairt Shágrab. Bíonn rialtas na cathrach ag forbairt, ag fíorú agus ag cur smaointe agus tionscadal chun chinn. Is léiriú air seo ná go mbíonn 50% infheistíocht eachtrach agus beagnach an tríú cuid den OTI na Cróite á ghiniúint i Ságrab.

Misníonn agus forbraíonn cathair Shágrab (mar lárionad tráchtála, tionsclaíochta, eolaíochta, oideachais, taighde agus airgeadais na tíre) an geilleagar, go háirithe maidir le fiontraíocht, eolas agus nuálaíocht chomh maith le margadh earráí agus seirbhísí, earnáil ina fhorbraíónn sé go háirithe an fórsa saothair agus an córas oideachais.

Trí na gníomhaíochtaí seo léiríonn an chathair go bhfuil sí ag iarraidh a bheith cairdiúil le fiontraíócht agus go bhfuil sí ag déanamh iarrachta gach rud gur féidir léí chun an cruthú poist nua agus féidearthachtaí sóisialta/saolta níos fearr a chur ar chumas dá cónaitheoirí.

Trí obair sealúchas Shágrab, atá faoi úinéireacht ag Cathair Shágrab, cuireann sé bealach éifeachtúil le seirbhísí uirbeacha (m.sh. seirbhísí fóntais) a sholáthar chun cinn.

Mar úinéír agus bunaitheoir ZICER, tacaíonn Cathair Shágrab le haon duine atá ag iarraidh bheith ina fhiontraí/atá ag iarraidh táirge núalach a fhorbairt.
Trácht
Trácht: tá Cathair Shágrab suite i lár na Cróite, rud a chuireann nascanna iompair tapa agus éasca ar chumas le réigiúin ilchríochacha agus Aidriadacha na tíre. Soláthraíonn an t-aerfort Franjo Tuđman, a tógadh le déanaí, nasc le go leor cathracha Eorpacha, chomh maith le eitiltí díreacha chuig Ceanada, an Áise agus an Rúis.

Más fearr leat taisteal ar an mbóthar ba cheart go mbeadh a fhios agat go bhfuil Ságrab suite ar chonair iompair tras-Eorpacha a cheanglaíonn iartha agus oirthear na hEorpa, chomh maith le Tuaisceart agus Deisceart na hEorpa. Tá na mótarbhealaí Crótacha i measc na mótarbhealaí is fearr san Eoraip ó thaobh na hinfreastruchtúir de. Ceanglaíonn siad lenár gcomharsana muid agus éascaíonn siad an rochtain chuig gach cúinne na Cróite. Ó Shágrab go dtí an tAidriadach, níl ach cúpla uair ar an mótarbhealach de dhíth ort!

Tá busáras Shágrab suite an-chóngarach do lár na cathrach agus cuireann sé modh iompair tapa sábhailte ar fáil dá húsáideoirí, le 44 ardán a cheanglaíonn Ságrab le réigiúin eile na Cróite agus leis an chuid is mó de na príómhchathracha Eorpacha eile.

Ó thaobh na hiarnróid de, tá córas maith ag cathair Shágrab buíochas le córas na hiarnróid a fhrestalaíonn ar an gcathair agus ar a bruachbhailte.

Le hinfheistíochtaí leanúnacha sa chóras iompar poiblí, tagann Ságrab údar lena stádas mar ardchathair. Tá nuachóiriú na trambhealaí ar siúl freisin, go háirithe ó 2005, nuair a thosaigh an chéad tram Crótach le hurlár íseal ag tiomáint ar sráideanna Shágrab.

Buíochas le fíorú tionscadail infheistíochta, ar nós busanna nua (chomh maith le busanna a fhreastalaíonn ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas), tá Ságrab ar barr na liosta cathracha a bhfuil ardchaighdeáin acu i gcúrsaí iompar poiblí.
Fuinneamh
Tá freagracht ag Ságrab (mar phríomhchathair na Cróite) polasaithe fuinnimh níos éifeachtúla a thabairt isteach, chomh maith le polasaithe a chosnaíonn an timpeallacht, leis an aidhm cúinsí a chruthú a oireann d’fhorbairt inbhuanaithe agus a oirfidh do riachtanais na glúine seo, chomh maith le riachtanais na ngliúnta atá le teacht. Sin an chúis go bhfuil an rialtas áitúil meáite tús a chur le bearta fuinnimh agus forbairt inbhuanaithe chun fís na cathrach a fhíorú - a bheith mar chathair forbartha inbhuanaithe.
Timpeallacht
Chun rath na mbeart seo a éascú, tá sé fíorthábhachtach tuiscint an phobail ar fhorbairt inbhuanaithe a spreagadh. Mar gheall air sin, tugann Cathair Shágrab aird faoi leith do pháistí agus don óige. Is é ceann de na tionscadail is tábhachtaí sa chathair ná éicea-scoileanna agus éicea-naíonraí a chuireann béim ar leith ar chaomhnú na timpeallachta ina gcláir oideachais. Ba cheart go léireofaí do pháistí óga conas a chosnaímid an timpeallacht agus conas a fhaighimid réidh lenár gcuid dramhaíola ar bhealach réasúnach chun tuiscint a fhorbairt go hóg ionas go mbeidh na scileanna, saineolas agus nósanna acu a chosnaíonn agus a chaomhnaíonn an timpeallacht. Seo an bealach le gliúnta óga a bhíonn aireach faoin timpeallacht a spreagadh, gliúnta a mbeidh nósanna dearfacha acu a chruthaíonn todhchaí sábháilte agus glan.