Cúram sláinte
Tá tradisiún sláinte ag Cathair Shágrab, chomh maith le seirbhísí sláinte an-fhorbartha. Tá éíteas ag an gcathair maidir le cúrsaí sláinte - ‘’sláinte do gach duine’’, trí chóir leighis cuimsitheach a thabhairt do gach cónaitheoir na cathrach. Cuirtear cosaint, caomhnú agus feabhsú sláinte i grích sa chathair trí 3 leibhéal árachais sláinte (príomha, tánaisteach agus treasach), atá ceangailte le chéile trí chomhoibriú shaineolaithe agus cúram sláinte.
Maidir le feabhsú sláinte agus chaighdeáin maireachtála an phobail, tá tionscadail tosaithe ag an gcathair chun caighdeáin maireachtála a fheabhsú, agus sláinte na gcónaitheoirí a chaomhnú is a fheabhsú. Tá siad dírithe ar stíleanna mhaireachtála níos sláintiúla a chur chun cinn, galair a chosc, diagnósis luath, cóir leighis agus athshlánúchán.
Tá an straitéis ‘’sláinte do gach duine’’ bunaithe ar an aidhm sheasta ár sláinte a fheabhsú is a chaomhnú le linn ár saoil, agus galair is gortuithe atá coitianta sa lá atá inniu ann a chosc.
Glacann Cathair Shágrab páirt sa thionscadal ‘’Cathracha Sláintiúla’’ de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte chomh maith, rud atá mar spreagadh mór chun an timpeallacht a chosaint níos fearr, stíl mhaireachtála shláintiúil is caidrimh sláintiúla idir cónaitheoirí na cathrach a chur chun cinn, an córas sláinte a athdhíriú ar leigheas coisctheach, agus sláinte an phobail a fheabhsú - i bhfocal amháin, ag dul i dtreo pholasaithe sláinte níos sóisialta.

Sport
Is é bainistíocht gach imeachta spóirt i Ságrab ná an Comhaontas Spóirt Shágrab, a fhorbraíonn is a mhisníonn polaisaithe tionscal an spóirt agus a chuireann chun cinn iad. Is é bunús na forbartha spórt i Ságrab ná oiread daoine agus is féidir a chuimsiú i gníomhaíochtaí spóirt, cláir agus forbairt lúthchleasaithe a spreagadh, chomh maith le héachtaí a bhaint amach sa spórt go leanúnach.
Fóillíocht
Cuirtear na háiseanna is fearr is féidir ar fáil do lúthchleasaithe cumasacha le haghaidh cómortais aitiúla agus idirnáisiúta, go háirithe nuair atá gné náisiúnta agus áitiúil ag baint leo. Caithfimid aird a tharragaint freisin ar na feabhsuithe atá déanta againn maidir le cúinsí do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine bodhra sa spórt ionas go mbeidh an deis acu a scileanna a fheabhsú agus a fhorbairt. Dá bhrí sin, tá 162 ionad spóirt i measc sealúchas Chathair Shágrab, ionaid ina ghlacann go leor daoine páirt sa réimse mór atá ar fáil. Chomh maith leis sin, bíonn imeachtaí spóirt idirnáisiúnta tábhachtacha ar siúl in ionaid spóirt Shágrab. Seachas traidisiún agus forbairt, is féidir le Ságrab a bheith bródúil as a cuid éachtaí spóirt, rud a fheicimid i gcomórtais idirnáisiúnta - den chuid is mó, is foirne as Ságrab a bhuann don Chróit. Chomh maith le comórtais spóirt, eagraíonn Cathair Shágrab a lán gníomhaíochtaí fóillíochta - mar shampla ‘’Spórt do gach duine’’, ‘’Lá idirnáisiúnta siúlóide’’, maratón Shágrab, srl.
Spórt - na huimhreacha: Comhaontas Spóirt Shágrab le 71 baill, i.e. 61 baill comhaontais, 6 comhghleacaithe agus 3 baill sealadacha, thart ar 800 clubanna agus 20+ eagraíochtaí spóirt gairme; 18,500 lúthchleasaithe sinsearacha, 40,000 lúthchleasaithe óga agus 50,000 baill fóillíochta; thart ar 1,100 cumann, comhlachtaí trádála agus ionaid atá gníomhach i gCathair Shágrab agus atá cláraithe i gcomhréir leis an dlí. 162 ionaid spóirt atá faoi úinéireacht na cathrach.
Rothaíocht
Iompar saor agus tapa chuig an ceann scríbe atá uait (i bhfhad nó i gcéin), aclaíocht shláintiúil, éiceabhách, gníomhaíocht spóirt agus caitheamh aimsire togha - tairgeann an rothaíocht na rudaí seo ar fad. Tá níos mó agus níos mó tóir ar rothaíócht mar spórt agus tá Cathair Shágrab ag infheistiú go mór in infreastruchtúr rothaíochta, agus déanann sí iarracht a cónaitheoirí a spreagadh chun an rothar a úsáid mar mhodh iompair níos minice.
Sa chathair tá iompar rothaíochta ag éirí níos tábhachtaí, go háirithe inniu mar gheall ar fhadbhanna le truailliú agus brú tráchta. Bímid ag déanamh iarrachta a lán saoirse a thabhairt do rothaithe ar na bóithre - sin an fáth go mbímid ag coinneáil suas le treochtaí nua, ag méadú an ghréasáin rotharbhealaí agus ag cruthú cultúr rothaíochta.
Bróisiúr >
Bróisiúr >