Cultúr
Ag cothú fuinnimh agus fís na n-ealaíontóirí chomh maith le tionscail cruthaitheacha eile, ag cur éagsúlacht agus ealaíon ó cheantair eile den domhan chun cinn, ag misniú comhoibriú idir ealaíontóirí, tá Ságraba ag déánamh iarrachta a cónaitheoirí a shóláthar le heispéireas cultúrtha domhanda faoi leith. Is áit cruthaíochta ealaíonta agus chur chun cinn luachanna uibreacha cultúrtha, rudaí lena thuill an chathair a stádas mar lárionad cultúrtha na Cróite. Eagraíonn Ságrab thart ar 5,000 imeachtaí cultúrtha agus ealaíonta chuile bliain. Is live stage é a fhéachann i ndiaidh gníomhaíochtaí cultúrtha agus ealaíonta agus a bhíónn ag infheistíócht in iarrachtaí chun a bheith mar chathair Eorpach na cultúir. Meallann imeachtaí ar nós an Féile Amharclannaíochta Domhanda, Animafest - féile scannán beochana, Seachtain an Damhsa Comhaimseartha, Oíche na Músaem, Biennale Ceoil Shágrab, Féile Idirnáisiúnta na bPuipéad - PIF, Paráid Idirnáisiúnta Folk, Platforma HR, Féile Perforation, Féile Eorpach na nGearrscéalta, Féile an Nua-Shorcais, Zagreb Dox, an Fhéile Litríochta Idirnáisiúnta, Fleadh Scannán Shágrab, Fleadh Scannán na gCearta Daonna, Féile Subverzive, Féile Toleration, Féile Ceoil IN agus Queer Season Zagreb oiread mór turasóirí a bhaineann taitneamh as cruthaíocht chultúrtha chomaimseartha agus traidisiúnta chuig Ságrab.
Seachas amharclanna, músaeim, ceolárais agus ionaid cultúrtha eile, tarlaíonn imeachtaí cultúrtha sna sráideanna, i gclóis, i láithreacha oidhreacht ailtireachta, i gcearnóga, i bpáláis, sna heaglaisí agus i go leor spásanna oscailte eile, rud a chiallaíonn go mbíonn an cultúr inrochtana don phobal is mó is féidir. Is iad siombailí doshéanta na cathrach ná, go háirithe, a hoidhreacht stairiúil ar nós an chathair uachtarach agus Kaptol lena páláis agus eaglaisí a léiríónn stair na cathrach leis na 900 bliain anuas chomh maith le hionaid cultúrtha ar leith ar nós Amharclann Náisiúnta na Cróite, An Puball Ealaíne, Músaem na hEalaíona agus an Cheardaíocht, an Músaem Mimara, Reilig Mirogoja, Pálás na hAcadaimh Eolaíochta agus Ealaíona Crótacha, foirgneamh an Stocmhalartáin Shágrab, Cartlann Náisiúnta na Cróite agus éachtaí ailtireachta comhaimseartha ar nós foirgneamh na Leabharlainne Náisiúnta agus Ollscoile, Músaem na hEalaíne Chomhaimseartha agus an t-acadamh Much.
Turasóireacht
Buíochas le forbairt leanúnach na rudaí atá ann do thurasóirí agus le hinfheistíochtaí sa turasóireacht, tá tóir ag teacht ar Ságrab mar cheann scríbe do thurasóirí atá ag iarraidh saoire i gcathair. Seo cúis leis an méadú atá ag teacht go leanúnach ar líon na dturasóirí a mbíonn ag tabhairt cuairt ar Ságrab agus ar an éileamh níos mó ar leapacha thar oíche. Níos mó ná huair amháin roghnaíodh mar an ceann scríbe is fearr san Eorpa é. Aidbhint in Ságrab, Cest is the Best, Tráthnóna Rince in Zrinjevac, Samhradh in Stross, Clósanna Shágrab, Margadh Beag - seo ach roinnt de na himeachtaí a rinne ceann scríbe turasóireachta tarraingteach den ardchathair seo.
Cártaí poist as Ságrab



