euzg2020 eu2020

Cosaint shóisialta

D’fhéadfaí a rá gur cathair é a chuireann barr feabhais chun cinn i ngach réimse den saol, go háirithe sa roinn oideachais agus sa roinn cosanta sóisialta, ina bhfuil ardchaighdeáin bainte amach ag an gcathair maidir leis an aire a thugann sé dá cónaitheoirí.

Mar cheann de na cathracha is goilliúnaí sa Phoblacht Cróite maidir le cúrsaí sóisialta, tugtar a lán airde do chúram sóisialta, ag cinntiú cearta, cúnamh agus cosaint don té atá i bponc de bharr cúinsí saoil éagsúla. Tugann cathair Shágrab aire dá cónaitheoirí trí chúinsí maireachtála a fheabhsú agus cuimsíonn sé gach aoisghrúpa ó naíonáin go pinsinéirí.

Déantar monatóireacht sheasmhach ar riachtanais na gcónaitheoirí chun bearta a chur i bhfeidhm a chinntíonn fíorchabhair maidir le hiompar, bia, cúnamh airgid, tithíocht agus seirbhísí sóisialta eile a chuimsíonn gach aoisghrúpa chomh maith le daoine faoi mhíchumas, íospartaigh foréigin agus grúpaí imeallaithe eile. Féachaimid chuige go mbíonn a gcuid cearta agus seirbhísí os cionn an ghnáthchaighdeáin.

Cuirtear maoiniú ar fáil do thionscadail a théann trí an Ciste Sóisialta Eorpach agus trí chláir eile de chuid an Aontais Eorpaigh i gcomhpháirtíocht le comhlachais na cathrach, chomh maith le haonaid eile féinbhainistíochta, institiúídí agus comhlachais as tíortha eile.
Trí mhéid mór institiúid oideachais chomh maith le héagsúlacht sheirbhísí agus chláir, soláthraíonn cathair Shágrab a lán féidearthachtaí do pháistí agus do dhaoine óga atá ag lorg oideachais. Buann mic léinn as Ságrab a lán comórtais réigiúnacha agus náisiúnta - go háirithe in earnáil na teicneolaíochta, na hilmheáin agus na matamaitice, agus léiríonn sé seo ardchaighdeáin ár n-áiseanna oideachais.

Tá réimse mór institiúid réamhscoile, bunscoile agus meánscoile ann sa chathair i bhFraincis, i mBéarla agus i nGearmáinis agus atá bunaithe ar córais oideachais náisiúnta difriúla (Crótach, Gearmánach, Francach, Briotanach agus Meiriceánach) chomh maith le cláir le deimhniú idirnáisiúnta ar nós dioplómaí IB, Middle Years agus Primary Years, Cambridge Secondary agus Ardcháilíochtaí.
Oideachas
Is é Ollscoil Shágrab an ollscoil is sine agus is mó i bPoblacht na Cróite ó thaobh an tsaoil acadúil agus taighde de. Cuireann sé réimse mór ardoideachais sa bhithleigheas, bhitheicneolaíocht, i réimsí sóisialta-daonnúla, eolaíochtaí nádúrtha chomh maith le réimsí teicniciúla agus ealaíne. Tá ról agus freagracht speisialta ag an Ollscoil Shágrab an oidhreacht leighis, intleachta agus cultúrtha náisiúnta a chaomhnú agus a fheabhsú, agus cáil is tarraingteacht idirnáisiúnta an ardoideachais/na n-eolaíochtaí sa Chróít. Soláthraíonn Ságrab réímse mor coláiste polaiteicnice agus institiúid ardoideachais príóbháídeach freisin.